Féile na hInse

Bíonn Féile na hInse ar siúl thar ocht lá i mí na Márta gach bliain. Tugann an fhéile deis do scoláirí feidhm a bhaint as a gcuid Gaeilge taobh amuigh den seomra ranga, trí páirt a ghlacadh i gcomórtais ar nós Tráth na gCeist Bord nó Grúpa Ceoil, nó Scóraíocht. Bíonn na comortais iarbhunscoile ar siúl in Ostán an Auburn.

Eiríonn thar barr lenár scoláirí a ghlacann páirt i bhFéile na hInse. Tugann an Fhéile spreagadh do lucht na Gaeilge thart fá seachtain na Gaeilge gach bliain.

Is mór is fiú páirt a ghlacadh sna himeachtaí éagsúla!